Léirmheas Ar Fhilíocht An Riordánach

You might also like

Download as docx, pdf, or txt
Download as docx, pdf, or txt
You are on page 1of 6

Úsáid inmheánach amháin/For Internal Use Only:

Students – do not complete this table


Ainm an Teagascóra:
Ainm an Mhic Léinn:
Seoladh rphoist an Mhic Léinn:

Déantar léirmheas san aiste seo ar Siollabadh agus ar Fiabhras, dhá shaothar scéalfhilíochta
le Seán Ó Ríordáin ina bhfuil an bhreoiteacht agus gnéithe de shaol an othair ina
bpríomhthéarmaí.

Téamaí

Tugann Siollabadh, a foilsíodh i 1952 in Eireaball Spideoige, cuntas dúinn ar cad a thit amach
lá gréine amháin, thart ar a sé, nuair a tháinig altra baineann isteach i measc na bhfear in
otharlann na h-eitinne. Tá rithim iontach sa dán, rud atá thar a bheith nua-aoiseach sa
mhéid is go mbaineann foirm an tsaothair le mórthéamaí sa dán: rithimí an tsaoil agus
rithim na beatha.

Agus Iníon an Leighis istigh leo, buaileann croíthe na bhfear go tréan – ar nós ‘claisceadal’,
by dad! Nuair a imíonn sí, cloistear clog an aingil á bhualadh, séimhítear an rithim agus
ciúnaítear é. Tá greann anseo cosúil le heachtra i scannán Sasanach den linn céanna, Carry
on Nurse (1959).

Scríobhadh Fiabhras i Márta 1955, go gearr i ndiaidh do bhreoiteacht throm an Ríordánach a


bhualadh (Ó Coileáin, 1982, lgh. 265-277). Déanann an dán insint ar bhabhta tinnis a mhair
cúig lá – an fliú, ní fheadar? Sular foilsíodh an dán in Brosna i 1964, bhí 104° F ina theideal
eile air (ibid. l.275). Le linn an tinnis, tá na céadfaí imithe amú agus tá siabhrán, speabhraídí
agus mearbhall ar an bhfile.

Feictear don fhile gur sléibhte iad fillteacha na n-éadaí leapa, gur machaire é an tocht agus
go bhfuil an pictiúir naofa ar an mballa ag leá (mar a bheadh cloig an ealaíontóra Dali ann
(1932)). Tá gach aon ní ina chíor tuathail agus ‘an saol ag titim’. Fógraíonn an ‘buaireadh bó’
sa dán go bhfuil biseach ag teacht ar an mbard bocht.

1
Léiriú ar shaol an fhile

Bhí drochshláinte ar an Ríordánach ar fad a shaoil, ó bhuail an niúmóine é i 1930 agus é trí
bliana déag d’aois. Sé bliana ina dhiaidh sin, fuarthas amach go raibh eitinn air. Idir 1938
agus 1952 bhí trí thréimhse mhóra breoiteachta air nuair a chaith sé mórán ama sa sanatóir
i nDún ar Aill nó i seomra téarnaimh a tógadh dó ag baile, ar chúl a’ tí (ibid. lgh. 88-111).

Chomh maith le buillí an chroí, tá buillí chlog an aingil in Siollabadh. Streacháil an


Ríordánach lena Chaitliceachas ach, le linn a óige ach go háirithe, lean sé nósmhaireachtaí
an chreidimh inar tógadh é. Deir an dán linn go ndeirtí Paidir an Aingil i mbárdaí otharlainne
i gCorcaigh le linn na ndaichidí.

I bhfírinne, bhí cúis mhaith ag na hothair a bheith ag guí: bhíodar i mbéal a mbáis. Dúirt
‘Proinsiasach mór groí’ leo i 1938 go raibh galar gan leigheas orthu uile agus gur bheagán
acu a bheadh beo dhá bliain ina dhiaidh sin. (Ó Ríordáin, 1971, in Ó Coileáin, 1982, l. 89).

Sa tráth seo, ba ghiorra cabhair Dé ná aon theacht ar antaibheathaigh: “Ní raibh trácht ar
streptomycin an uair úd. Kyrie Eleison ar fad ab ea é” (ibid, l.88.).

Fianaise sa téacs gurbh é an file céanna a chum an dá dhán

Baineann téacs an dá dhán le bheith tinn. Deir Louis de Paor gurb é an ‘íomhá is coitianta
atá againn de Sheán Ó Ríordáin, an file giorranálach, ar leaba a bháis, san ospidéal’ (2007).

Gaolainn na Mumhan atá sa dá dhán tríd is tríd. In Siollabadh, úsáideann an Ríordánach


leaganacha canúnacha, leis an seanthuiseal tabharthach do roinnt iolraí: ‘ina meoraibh’, ‘ar
bheolaibh’ agus ‘mar mhanachaibh’. In Fiabhras úsáideann sé an focal canúnach ‘fuirist’
agus foirm tháite den bhriathar ‘atáimid’.

Is féidir filíocht Uí Ríordáin a aithint go héasca toisc na friotail agus na híomhánna


Ríordánacha a úsáideann sé! Tá an focal ‘Ríordánachas’ seanchaite i léirmheastóireacht na
Gaeilge. Is téarma é a bhaineann le bheith ag cruthú comhfhocail úrnua, ar nós
‘siolaibchrith’, nó a bheith ag úsáid íomhánna agus meafair ar bhealaigh nua.

2
Is samplaí maithe iad an dá dhán seo den Ríordánachas. Deir Ó Tuama (1975. lch.6) gur
aimsigh an Ríordánach ‘meafaracha éifeachtachta neamhchoitianta’ le mothú a chur abhaile
orainn sna dánta Cúl an Tí, Siollabadh agus Fiabhras.

Ba í Máire Mhac an tSaoi an cáinteoir ba dhéine a bhí ag an Ríordánach. Mar sin féin, bhí seo
le rá aici faoi na friotail ina fhilíocht: ‘go bhfuil fiú sna dréachta is tuirsiúla acu abairtí
aonaracha is geall le clocha scáil’ (1953, Feasta, 2007). Ceann de na clocha scáil a luaigh
Mhac an tSaoi is ea: “Do shiollaib sí go rithimeach fé dheireadh as an seomra.”

“Dhein an Ríordánach athnuachan iomlán ar an gcineál íomhá nó an gcineál meafar a bhí sa


Ghaeilge,” a dúirt Ó Muirthile in 2012.

Toisc seo, is féidir a rá go bhfuil ‘friotail Ríordánacha’ ann agus is féidir teacht ar fhriotail
Ríordánacha tríd iomlán a shaothair, de réir ó Muirthile, a thug céad líne Fiabhras mar
shampla den fhriotal Ríordánach seo: “Tá sléibhte na leapa mós ard, tá breoiteacht ’na
brothall ’na lár.”

Compráid agus Contrárthacht

Deir Ó Tuama go bhfuil Siollabadh ‘ar an mbeagán dán a chum an Ríordánach ina bhfuil
solas agus sonas agus suaimhneas le brath’ (1975, l.2).

Is dán níos duairce é Fiabhras. Níl rithim spraíúil ann: críochnaíonn formhór na línte le béim
ar chonsan leathan. Cruthaíonn na fuaimeanna seo – ‘ard’, ‘lár’, ‘urlár’, ‘gcéin’, ‘saol’ – dí-
harmóin. Le chéile, tá macalla ar nós búiridh bó le cloisteáil i ndeireadh na línte, measaimse.

Tá sé ráite ag Ó Tuama go bhfuil an dá líne dhéanacha sa dán seo ‘nádúrtha’ i gcomparáid


leis na línte a chuaigh rompu, sa mhéid is go raibh ba ar an mbóthar ó thuaidh ‘agus is dócha
gur comhartha téarnaimh é’ (Luaite ag Ó Conaill, 1982, lch. 275). Measaim go bhfuil Ó
Tuama stuama sa mhéid a deir sé anseo: is comhartha bisigh é nuair is féidir leis an
Ríordánach idirdhealú a dhéanamh idir ghlór ba sa timpeallacht agus ghlór fiabhrasach
laistigh dá inchinn.

3
Tá an eachtra in Fiabhras an-chosúil le dhroch-thuras ar dhrugaí! Deir Ó Muirthile (2012) go
bhfuil mianach ‘spásáilte’ i saothar an Ríordánaigh toisc an cógas a bhí á ghlacadh aige don
eitinn.

Ina dhialann, scríobh an Ríordánach i bhFeabhra 1942 gur tugadh morphia dó agus ‘Is mór a
thaithin an morphia sin liom’ (Ó Dúshláine (eag.) 2014, lch.58). Ba é sin an tréimhse i ndiaidh
don fhile Siollabadh a chumadh agus sular cumadh Fiabhras. Baineann Siollabadh le hóige
an Ríordánaigh, ré nuair a bhí sé fós soineanta faoi bhaol an bháis agus faoi thraidisiúin
fileata na Gaeilge.

Sa tréimhse tar éis d’fhoilsiú Eireaball Spideoige, chuir an Ríordánach níos mó béime ar
‘bhlas’ na filíochta agus cloistear, nó blaistear, sin in Fiabhras. Mar a dúirt sé le Seán Ó
Mórdha (luaite ag Ó Conaill, lch 265) ‘Nuair a thosnaíos ag scríobh ar dtúis ní rabhas ag
cuimhneamh ar an nGaeilge in aon chor, bhíos ag cuimhneamh ar an bhfilíocht. I mBrosna is
dócha go rabhas ag cothú na Gaeilge b’fhéidir.’

An dán is ansa liom

Mar dán, taitníonn Siollabadh liom go mór . Rinneamar staidéar air nuair a bhíomar ar scoil
agus cuid againn ag tosú ar thitim i ngrá le filíocht agus le cumadh na filíochta.

Ag an am bhí mé féin beagáinín gearranálach mar gheall ar mo bhreoiteacht féin agus dá


bhrí sin ba an-léir dom go bhfuil imirt ar análú sa dán. Is féidir é a rá in go leor bealaí difriúla:
in aon anáil amháin, nó ag análú, mar a rinne an Ríordánach i dtaifead Gael Linn (2007), tar
éis gach líne. Nó is féidir é a léamh go hanphlúachta, ag glacadh análacha éadroma gach
ceathrú líne. Is fiú triail a bhaint as ar mhaithe leis an gcraic!

Fear spórtúil ba ea an Ríordánach, cé go raibh sé tinn go minic, agus feictear seo in


Siollabadh.

1,248 focal (gan na ceannteidil san áireamh)

4
Leabharliosta

Carry on Nurse (1959) Stiúrtha ag: Gerald Thomas. Scanán. Pinewood: Anglo-Amalgamated.

Dali, S (1932) La persistencia de la memoria. Nua Eabhrac: Museum of Modern Art.

Kiberd, D. & Fitzmaurice, G. (1991) An Crann Faoi Bláth, Contemporary Irish Poems with
Verse Translations. Baile Átha Chliath: Wolfhound Press.

Mac Amhlaigh, L. (2007) ‘Seán Ó Ríordáin – File Féinchráite’ Feasta, Imleabar 60, Uimhir 10,
Mean Fomhar 2007, lgh. 9-10.

Mhac an tSaoi, M. (2007) ‘Filíocht Sheáin Uí Riordáin, Athchló ar an léirmheas cáiliúil le


Máire Mhac an tSaoi, Feasta Márta 1953’ i Feasta, Imleabar 60, Uimhir 10, Mean Fomhar
2007, Lgh.25-28.

Ó Coileáin, S. (2019) Ó Ríordáin, Seán. PDF Ar fáil ag:


https://www.ria.ie/sites/default/files/o_riordain.pdf Aimsithe: 8 Mean Fomhar 2019.

Ó Coileáin, S. (1982) Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar. Baile Átha Chliath: An
Clóchomhar Tta.

Ó Direáin, M. ‘An Forum: Ríordánachas agus eile, Athchló ar chosaint Mháirtín Uí Dhireáin ar
Eireaball Spideoige, Bealtaine 1953’ i Feasta, Imleabar 60, Uimhir 10, Mean Fomhar 2007,
Lgh.29-30.

Ó Dúshláine, T. (eag.) (2012) Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh. Indreabhán: Cló


Iar-Chonnachta.

Ó Maolfabhail, A. (2007) ‘Ag cuimhneamh dom ar Sheán Ó Riordáin’ i Feasta, Imleabar 60,
Uimhir 10, Mean Fomhar 2007, Lgh.31-32.

Ó Ríordáin, S. (1987) Brosna. Baile Átha Cliath: Sáirséal - Ó Marcaigh Tta.

Ó Riordáin, S. (2011) Na Dánta. Ríomhleabhar. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

5
6

You might also like