An Carnabhal

You might also like

Download as pdf or txt
Download as pdf or txt
You are on page 1of 24

An Carnabhal

Brídín Nic Uiginn


The Cartoon Saloon a mhaisigh

02 An Carnabhal.indd 1 06/07/2006 11:03:27


02 An Carnabhal.indd 2 06/07/2006 11:03:27
An Carnabhal

Brídín Nic Uiginn


The Cartoon Saloon a mhaisigh

Baile Átha Cliath

02 An Carnabhal.indd 1 06/07/2006 11:03:28


An chéad eagrán 2006

© An Roinn Oideachais agus Scileanna / Foras na Gaeilge, 2006

Athchló 2010, 2016

Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

Dearadh agus leagan amach: Designit

Obair ealaíne: The Cartoon Saloon

PB Print a chlóbhuail in Éirinn

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh,
a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach,
meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus
Scileanna atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus
do na bunscoileanna lán-Ghaeilge.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí
An Siopa Leabhar (01) 478 3814
An Siopa Gaeilge (074) 973 0500
An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne
www.litriocht.com
www.iesltd.ie
www.siopagaeilge.ie
www.cnagsiopa.com
www.siopa.ie
www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Chuala Lug go raibh an carnabhal
ar an mbaile.
‘Ar chuala tú go bhfuil an
carnabhal ar an mbaile?’ ar seisean
le Gug. ‘Ba mhaith liomsa dul ann.’
‘Ba mhaith liomsa dul ann chomh
maith,’ arsa Gug.
3

02 An Carnabhal.indd 3 06/07/2006 11:03:29


An lá ina dhiaidh sin d’éirigh an
bheirt ar a hocht a chlog. Síos leo
go Bóthar na Trá.

02 An Carnabhal.indd 4 06/07/2006 11:03:31


Cheannaigh siad dhá thicéad
agus isteach leo. Siúd leo ag
spaisteoireacht. Chonaic Lug na
báid luascáin.
‘Tá na báid luascáin ansin thall,’
ar seisean.
‘Seo leat, mar sin,’ arsa Gug.

Seo leat, mar sin.

02 An Carnabhal.indd 5 06/07/2006 11:03:32


Isteach leis an mbeirt acu i mbád
luascáin. Suas síos leis an mbeirt
acu – suas síos suas …

‘Thaitin sé sin liom,’ arsa Lug.


6

02 An Carnabhal.indd 6 06/07/2006 11:03:33


Ansin chonaic Gug na tuairteáin.
‘Tá tuairteáin ansin thall,’
ar seisean.
‘Seo leat, mar sin,’ arsa Lug.

02 An Carnabhal.indd 7 06/07/2006 11:03:34


Isteach leis an mbeirt acu
i dtuairteán. Soir siar leis an mbeirt
acu. Timpeall agus timpeall leo.

‘Thaitin sé sin liom,’ arsa Gug.


8

02 An Carnabhal.indd 8 06/07/2006 11:03:36


Siúd leo ag spaisteoireacht arís.
Tar éis tamaill bhuail ocras Gug.
‘Tá ocras orm,’ ar seisean.
‘Tá siopa ansin thall,’ arsa Lug.

02 An Carnabhal.indd 9 06/07/2006 11:03:37


Cheannaigh Lug úll agus iógart
sa siopa.

10

02 An Carnabhal.indd 10 06/07/2006 11:03:39


Cheannaigh Gug milseáin, uachtar
reoite agus criospaí ann.
‘Ba cheart duit bia folláin a ithe,’
arsa Lug leis.
‘Ach is deise iad seo,’ arsa Gug.

Ach is deise iad seo.

11

02 An Carnabhal.indd 11 06/07/2006 11:03:40


Siúd leo ag spaisteoireacht arís.
Tar éis tamaill chonaic Lug
an roithleagán ró.
‘Tá an roithleagán ró ansin thall,’
ar seisean.
‘Seo leat, mar sin,’ arsa Gug.

12

02 An Carnabhal.indd 12 06/07/2006 11:03:41


Suas leis an mbeirt acu ar an
roithleagán ró. Timpeall agus
timpeall leis an mbeirt acu.

‘Thaitin sé sin liom,’ arsa Lug.


13

02 An Carnabhal.indd 13 06/07/2006 11:03:43


Tar éis tamaill chonaic Gug siopa
eile. Bhuail ocras arís é. Isteach leis
sa siopa agus cheannaigh sé barra
mór seacláide.

‘Beidh pian i do bholg má itheann


tú é sin ar fad,’ arsa Lug.
‘Dhera, ní bheidh,’ arsa Gug.
14

02 An Carnabhal.indd 14 06/07/2006 11:03:44


‘Nach bhfuil sé in am againn a
bheith ag dul abhaile anois?’ arsa
Lug tar éis tamaill.
‘Ach ní rabhamar ar an roth mór
fós,’ arsa Gug.
15

02 An Carnabhal.indd 15 06/07/2006 11:03:45


Suas leis an mbeirt acu ar an roth
mór. Suas suas suas leo.

Bhí Lug breá sásta leis féin.


16

02 An Carnabhal.indd 16 06/07/2006 11:03:46


Go tobann lig Gug béic as.
‘A Lug! A Lug, tá pian i mo bholg.
Tá pian i mo bholg!’ ar seisean.
17

02 An Carnabhal.indd 17 06/07/2006 11:03:48


‘Cá bhfuil an leithreas? Cá bhfuil
an leithreas?’ arsa Gug nuair a stop
an roth.
‘Ansin thall,’ arsa Lug.
18

02 An Carnabhal.indd 18 06/07/2006 11:03:49


‘An bhfuil sé in am againn a bheith
ag dul abhaile anois?’ arsa Lug.
‘Ó, tá! Tá! Tá, cinnte!’ arsa Gug.
Agus abhaile leo.
19

02 An Carnabhal.indd 19 06/07/2006 11:03:50


an roth mór

na báid luascáin
20

02 An Carnabhal.indd 20 06/07/2006 11:03:52


na tuairteáin

an roithleagán ró
21

02 An Carnabhal.indd 21 06/07/2006 11:03:53


‘Ar chuala tú go bhfuil an carnabhal
ar an mbaile?’ arsa Lug le Gug.

02 An Carnabhal.indd 22 06/07/2006 11:03:53

You might also like