Download as docx, pdf, or txt
Download as docx, pdf, or txt
You are on page 1of 6

An Gnáthrud

le Deirdre Ní Ghrianna
Téama an scéil

 Is é an téama atá chun tosaigh sa ghearrscéal seo ná foréigean i mBéal Feirste le linn

ré na dTrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann.

 Maraíodh cuid mhór daoine neamhurchóideacha macánta sna trioblóidí.

Mothúcháin an scéil

 Is é an mothúchán atá chun tosaigh sa ghearrscéal seo ná grá teaghlaigh.

Part one

 Bhí Jimmy ag ól pionta lena chuid cairde tar éis na hoibre tráthnóna De hAoine i
mBéal Feirste.
 Bhí sé ag féachaint ar phictiúr gan fhuaim ag teacht ón teilifís. D’amharc sé ar na
fotheidil ar an scáileán
 Bhain sé súimín beag eile as an bpionta.
 Smaoinigh sé ar a bhean agus ar a pháistí sa bhaile.
 Smaoinigh sé ar an léirscrios a bheadh ag Sarah an páiste ba shine a chur a chodladh.
 Gasúr crua cadránta a bhí ann. Chuirfeadh sé ina héadan go deireadh.
 Mhothaigh Jimmy ciontach nuair a smaoinigh sé ar an gcúpla.
 Ní raibh siad ach 6 mhí d’aois ag an am.
 Ba mheasa cúrsaí an tsaoil ó rugadh iad 6 mhí ó shin.
Part Two

o Bhí a choinsias ag cur isteach ar Jimmy.


o Níor bhain sé taitneamh as an oilithreacht sheachtainiúil go dtí an teach tabhairne
lena chomrádaithe.
o Ba í Sarah a chuir brú ar Jimmy dul amach agus bualadh lena chuid cairde.
o Níor mhaith le Sarah go gceapfadh cairde Jimmy go raibh sé faoin ordóg aici.
o Bhain sé taitneamh agus sult as an gcuideachta agus as an gcraic sa teach tabhairne
ná an t-alcól.
o Ní fear mór ólacháin a bhí ann. Ní raibh dúil aige san ólachán.
o Chloígh sé leis an mheasarthacht i ngnoithe ólcháin ná i gcaitheamh siar piontaí.
o Bhí a fhios ag Jimmy go mbeadh Billy sa bheár agus go gcaithfí Billy amach. Bhí Billy
ag ceiliúradh an linbh úir i rith na seachtaine.
o Tháinig an Gaffer ar Bhilly le casaoid chrua faoi conas a bhí sé ag leagan na mbricí.
o B’éigean do Jimmy tarrtháil a dhéanamh ar Bhilly agus gealladh don gaffer go
gcoinneodh sé súil air as seo amach.

Part Three

 Chonacthas do Jimmy go raibh na pótairí greamaithe do na stólta, mar ba dhual


dóibh.
 Níor thuig sé cén fáth nach mbeidís ag iarraidh dul abhaile.
 Ba ghairid gur tháinig Sarah ar ais ina cheann.
 Smaoinigh sé ar an obair a rinne siad chun baile a dhéanamh den teach.
 Ní raibh an teach chomh seascair nuair a cheannaigh siad é, ceithre mhíle punt a
thug siad don Housing Executive ar son ballóige.
 Bhí Jimmy ag obair ar an teach gach uile oíche ach ba í Sarah ba mhó a chuir cruth
deas ar an teach.
 Chóirigh sí gach seomra sa teach go dtí go raibh an teach te teolaí.
 Rinne sí cuirtíní as fuílleach éadaigh a cheannaigh sí ag aonach na hAoine.
 Cheannaigh sí na cathaoireacha ar luach deich bpunta agus chuir sí snas úr nua
orthu.
 Bhí an teach cosúil leis na pictiúir sna hirisí loinnireacha ardnósacha.

Part Four

o B’fhada le Jimmy go dtiocfadh oíche Shathairn.


o Bhí sé ag súil go mór le hoíche Dé Sathairn
o Nuair a bheadh sé ina shuí go seascair lena bhean chéile ag breathnú ar fhíseán agus
ag ól fíona.
o Nuair a chuir Micí ceist ar Jimmy conas a bhí na cailíní beaga, d’éirigh Jimmy
ciontach.
o B’fhada le Jimmy go dtógfadh sé iad duine ar dhuine, agus go dtabharfadh sé croí
isteach, agus go dtéadh sé a cheol dóibh.
o Bheartaigh Jimmy aghaidh a thabhairt ar an mbaile.
o Cheannaigh sé pionta eile dá chuid cairde agus chríochnaigh sé a phionta féin.
o D’fhág sé slán ag an gcomhluadar.
o Thiontaigh sé aníos coiléar a chasóige agus shiúil sé na cúpla céad slat go dtí an
bhialann áitiúil.
Part Five

 Shocraigh Jimmy greim bia a cheannach sa bhialann Shíneach Jasmine Palace.


 Cheannódh sé curaí dó féin agus chop suey dá bhean chéile.
 Bhí scata déagóirí istigh ann. Bhí siad callánach agus ar meisce ar fhíon úll.
 Bhí siad ag caint go gáirsiúil graosta lena chéile.
 Bhí siad ag cur is ag cúiteamh faoi chúrsaí airgid.
 Ba í Liz an freastalaí. Bhí sí díomhaoin agus bhí iníon bheag aici (rud a d’inis sí do
Jimmy i modh rúin).
 Labhair Jimmy le Liz faoi dhul abhaile chuig Sarah agus chuig na páistí.
 Ansin, tháinig an deargnáire ar Jimmy.
 Mhothaigh sé ciontach a bheith ag caint mar sin léi.
 Bhí a fhios ag Jimmy gur thréig a fear í. Bhí Liz fágtha ina máthair shingil.
 Ní raibh sé ar intinn ag Jimmy an tseanchuimhne nimhneach sin a mhuscailt i gceann
Liz (an stócach a d’fhág ar an mblár folamh í)

Part Six

o Tháinig duine de na stócaigh óga chuig Jimmy ag iarraidh mionairgid.


o Thug Jimmy traidhfil airgid dó.
o Rinne an stócach gnúsachtach mar bhuíochas.
o Níor thaitin an chaint ghraosta ghraifleach ghnéasach le Jimmy ar chor ar bith.
o Thiontaigh Liz a súile ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú buidéil darbh ainm Olde
English
o Ghlaoigh sí ar Jimmy. Bhí a bia réidh.
o Nuair a chuaigh sé amach, bhraith sé go raibh an oíche ag éirí níba fhuaire.
o Chuir sé an mála bia lena ucht leis an teas a choinneáil ann. Ní raibh mórán le siúl
aige.

Part Seven

 Chuimhnigh sé ar an oíche a bheadh roimhe.


 Chuimhnigh sé ar an tine mhór a bheadh roimhe.
 Chuimhnigh sé ar a bhean ag fanacht leis ar thairseach an dorais.
 Chuimhnigh sé ar a gruaig chathach bhán.
 Ba mhian leis insint di cé chomh sásta is a bhí sé.
 Bhí Jimmy chomh caillte ina chuid smaointe
 Níor thug sé faoi deara gluaisteán gan solas ag teannadh leis go fadálach sa
dorchadas.
 Tháinig caint gharbh ghraosta ón ngluaisteán agus scaoil fear óg urchar
 Bhain sé leath an chloiginn de Jimmy.
 Bhí Jimmy fágtha fuar marbh ar thaobh na sráide
 Bhí a chuid fola ag síleadh uaidh agus ag púscadh.
 Bhí a chuid fola ag meascadh leis an mbia a bhí ceannaithe aige.

You might also like