Úrscéal Cúpla-Nótaí & Freagraí

You might also like

Download as docx, pdf, or txt
Download as docx, pdf, or txt
You are on page 1of 7

Úrscéal- ‘Cúpla’ – Ógie Ó Céilleachair

Téama (fadhbanna an teaghlaigh)

Déanann an t-údar plé ar fhadhbanna teaghlaigh san úrscéal seo. Faightear


léargas ar chúpla darbh ainm Éile agus Sharon. Tá siad difriúil óna chéile. Is
duine cliste í Éile agus bíonn sí chomh dírithe ar chúrsaí scoile. Is duine deas í
ach san úrscéal seo, ní thaitníonn argóintí agus troideanna a teaghlaigh léí.
Chomh maith, bíonn sí buartha faoina deirfiúr Sharon a bhíonn reibiliúnach an
chuid is mó den am. Is téama coitianta é fadhb an alcóil agus cathú na ndrugaí
agus Léiríonn an t-údár dúinn go sóiléir go mbíonn fadhbanna éagsúla in aon
teaghlach ar bith. Pléann an t-údár na fadhbanna a tharlaíonn ar bonn rialta inár
sochaí agus íocann Sharon an praghas ar a drochiompar ag an deireadh.
Osclaíonn an t-údár ár n-intinn roimh shaol an déagóra, saol an teaghlaigh, saol
na scoile agus iompar an chúpla ar scoil.

Carachtar – Sharon – Tréith – leithleach agus ceanndána

Is léir gur duine leithleach í. Ní ghlacann sí le comhairle óna tuismitheoirí agus


freisin ní thugann sí aon tacaíocht dá deirfiúr. Bhí sí drochbheasach le hÉile
agus Chaith sí go dona léí go háirithe nuair a bhí siad sa Ghaeltacht le chéile.
Rinne sí bulaíocht ar a deirfiúr agus bhí Sharon féinspéiseach. Bhí Sharon an-
leithleach mar chuir sí brú ar Éile bréaga a insint dá tuismitheorí ar a son nuair
a tháinig sí abhaile go déanach ón scoil. Bhí sí ag cúirteáil le roinnt buachaillí
agus freisin is léir go raibh sí leithleach mar ní thugann sí deis do na daltaí eile
ar scoil foghlaim agus í i gcónaí ag pleidhcíocht sa rang. Bhrúigh sí Julie amach
os comhair an ranga.

Gan aon amhras ar bith, is duine ceanndána í freisin. Cheap sí go raibh sí ceart
an t-am ar fad. Dar léí féin, bhí sí I gceannas ar an teaghlach agus ba chuma léí
nuair a bhí sí I dtrioblóid. Thuig sí go raibh sí in ann aon rud más mian léí a
dhéanamh agus ní raibh fáitíos nó eagla uirthi roimh aon duine ar bith. Tháinig sí
abhaile ar meisce oíche amháin agus léirítear sa chaibidil seo go bhfuil sí
ceanndána mar níor ghabh sí leithscéal lena Daid ná lena Maim. Is léir go raibh sí
ar buile le Daid nuair a chonaic sí é ag pógadh bean eile ach thapaigh sí an deis
agus níor thug Daid íde béil dí. Is duine crua í.
Mothúchán is láidre

Tá neart mothúcháin le feiceáil san úrscéal seo. Tá fearg, buairt agus


cneastacht Éile le féiceáil ach is é an Mothúchán is láidre dar liom ná aiféala. Is
duine amaideach é Timmy, athair an teaghlaigh. Rinne sé cinneadh bean eile a
phógadh, Bláithín agus tá a fhios againn tar éis an úrscéil a léamh go raibh a
bhean ag iarraidh scaradh leis. Mothaíonn sé brónach ach níl aon trua agam dó
mar léitheoir. Cé go bhfuil aiféala ar Timmy, déarfainn go bhfuil aiféala ar
Sharon. Bhí sí trioblóideach tríd an scéal ach is dócha gur mhothaigh sí brónach
nuair a mharaigh sí a hathair ag tiomáint an chairr. Is dócha nuair a chonaic sí
leac uaighe a hathar, bhí aiféala uirthi. B’fhéidir go raibh aiféala ar Éile nach
raibh sí in ann níos mó a dhéanamh dá deirfiúr.

Suíomh an Úrscéil

Feictear cúpla áit ina bhfuil an t-úrscéal suite. Tarlaíonn mór chuid na n-
imeachtaí i dteach mhuintir Uí Bhraonáin, scoil Sharon agus Éile, meánscoil na
mBráithre, an coláiste gaeilge, an t-óstán agus an coláiste samhraidh. Faightear
léargas ar na trioblóidí agus an teannas idir an teaghlach sa teach. Feicimid Éile
ag caint leis an gcapall béaldorais agus na hargóintí idir Sharon agus a
tuismitheoirí. Chomh maith, feicimid Sharon ar scoil agus forbraíonn a iompar go
diúltach ar scoil.

Buaicphointe an scéil

Is úrscéal drámatúil é. Is breá liom an scéal seo mar baineann leis an saol mar
atá. Tá roinnt buaicphointí san úrscéal seo. Bhí ionadh an domhain orm nuair a
chonaic Sharon a Daid le múinteoir Éile agus anuas ar sin, níor chreid mé é nuair
a d’adhmhaigh Timmy dá bhean chéile go raibh caidreamh adhaltrach ar bun
aige. É sin ráite, is dócha gurb é an buaicphointe is mó san úrscéal seo an
timpiste bhóthair inar mharaigh Sharon a Daid agus a cara Mícheál ag tiomáint
faoi thionchar drugaí.

Dhá chúis ar thaitin / nár thaitin an scéal leat

Caithfidh mé a rá gur thaitin críoch an scéil go mór agus dár liom , ar bealach
amháin bhí trua agam do Sharon ag an deireadh. Bhí an t-úrscéal seo
corraitheach agus bhí mé ag tnúth go mór leis an gcéad leathanach eile a léamh.
Chomh maith leis, ceapaim go ndéanann an t-údár cur síos iontach ar na
carachtair go léir agus tá siad forbartha go héifeachtach.

Níor thaitin an scéal seo liom. Baineadh geit asam nuair chonaic mé
mímhacántacht Daid. Ní raibh sé dílis dá bhean. Freisin, níor thaitin an teannas
liom sa scéal. Níor mhothaigh mé compordach agus Sharon ag spaisteoireacht
timpeall ag cruthú fadhbanna ollmhóra dá tuismitheoirí. Níor thaitin sé liom an
bealach a dhéanann an t-údár cur síos sóiléir le híomhánna sóiléire de fhadhb na
ndrugaí. Sa bhreis ar sin ghoill críoch an úrscéil go mór orm. Bhí sé ró-b
brónach agus ró-thragóideach, i mo thuairim. D’fhulaing an chlann go léir- Chaill
Mairéad a fear céile agus a cos, chaill an cúpla a hathair agus chaill Sharon lúth
na ngéag gan a bheith ábalta a ceann a bogadh nó labhairt ach oiread.
Dá mbeadh ort aiseolas a thabhairt don údár (Sampla A Ceist 8 (a))

Dá mbualfainn leis an údár, mholfainn go hard na spéire é. Gan aon amhras ar


bith, déarfainn leis go bhfuil a leabhar an-réalaíoch (realistic) ar fad. Thaitin
luas gasta (fast speed) an scéil go mór liom. Bhí an plota corraitheach agus bhí
eachtraí éagsúla ag tarlú i ngach caibidil a choiméad mé ag iarraidh léamh ar
aghaidh. Anuas ar sin bhí na carachtair forbartha go breá.

Thaitin Sharon go mór liom mar charachtair mar ba dhuine casta í agus dár
ndóigh, bhí a lán fadhbanna aici. Cé go raibh sí dána, drochbhéasach agus fiáin
d’éiridh leis an scríbhneoir mo thuairimí fuithi a athrú go minic-in amanna
chuir sí frustrachas agus fearg orm ach in amanna eile bhí mé báúil lena
carachtair mar thuig mé go raibh go leor fadhbanna pearsanta aici.

Dá mbeadh orm aiseolas a thabhairt don údár, déarfainn leis an deireadh a


athrú. Tobann deireadh a bhí ann agus mholfainn don údár deireadh níos
áthasaí a bheith ann agus íomhá de Sharon ag gabháil leithscéil dá teaghlach a
bheith ann freisin.

Cúig pointe móra ón úrscéal (Sampla D Ceist 11 (b) Lch 83)

(i) Feiceann Sharon a dhaid sa bhothán leis an múinteoir eile


(ii) Tugann Timmy smeaic do Sharon sa chistin
(iii) Cuireadh Sharon abhaile ón nGaeltacht
(iv) Insíonn Timmy an fhírinne do Mhairéad
(v) Musclaíonn Sharon san ospidéal I Mí Lúnasa.
Cúig cheist a chuirfeá ar charachtar amháin (Sampla C Ceist 11 (b)

 Sharon, cén fáth gur thiomáin tú an carr faoi thionchar drugaí?


 Cad a chuir brú ort Julie a chaitheamh amach as an bhfuinneog?
 Conas a mhothaigh tú nuair a chonaic tú d’athair ag pógadh mná eile?
 Cén fáth nach féidir leat réiteach go maith le do dheirfiúr?
 An bhfuil aiféala ort nár stop tú ag argóint le do theaghlach?

Do thuairim ar an eachtra is mó

Ceapaim gurb é an eachtra is mó ná an timpiste bhóthair. Bhí scanradh an


domhain orm nuair a fuair mé amach gur mharaigh sí a cara agus a Daid. Léiríonn
an eachtra seo go bhfuil daoine ann le fadhbanna meabharshláinte agus go bhfuil
cabhair go géar ag teastáil uathu. Chomh maith leis sin, mhothaigh mé
uaigneach, brónach agus díomach. Níl aon rud níos measa d’aon teaghlach duine a
cháilliúint agus mothaíonn tú go bhfuil tú ar tí chun pléascadh amach ag
caoineadh ag deireadh an úrscéil chumachtach seo .

An caibidil is fearr leat/ an caibidil is tábachtaí i do thuairim

Ceapaim gurb é caibidil a hocht an ceann is tábhachtaí. Deir roinnt daoine go


bhfuil críoch an scéil an ceann is tábhachtaí ach I mo thuairim féin, thaitin an
caibidil áirithe seo go mór liom. Ar dtús feictear na tuismitheoirí ag cómhrá le
chéile in atmaisféar deas agus dearfach gan aon choimli. Tá a fhios againn go
ndearna an t-athair botúin ach níl a bhean ag glacadh leis. Feictear láidreacht
Mhairéad nuair a deir sí leis go mbeadh sos caidrimh ag teastáil uaithi. Is
caibidil réalaíoch é agus faightear léargas ar na gnáth trioblóidí atá ann i saol na
linne seo.

Críoch an scéil (tuairim faoin gcríoch)

Tá críoch tobann le feiceáil san úrscéal seo. Baintear geit as an léitheoir agus
cuireann críoch an úrscéil go mór le teannas agus coimhlint an scéil. Tá sé thar a
bheith brónach agus is féidir linn an íomhá sin de Sharon in ísle brí a shamhlú.
Tá deireadh an scéil an – éifeachtach agus tá sé corraitheach. Ceapaim go bhfuil
deireadh an scéil dorcha agus cuireann sé ag smaoineamh tú. Is féidir linn
ceacht a fhoghlaim ón úrscéal. Is é an ceacht sin ná ba cheart dúinn a bheith
deas le chéile agus ba cheart dúinn labhairt le chéile má tá fadhb ann. Caithfidh
mé a rá go bhfuil críoch an scéil deá-scríofa agus tá friotal an scéil éasca le
tuiscint.

Páipéar Sampla A SEC 2019

Teideal an úrscéil: Cúpla

Ainm an údair: Ógie Ó Céilleachair.

Ainm an charachtair spéisiúil ón úrscéal: Sharon

(a) Tréith 1: Dána:


Sampla ón úrscéal: I gcaibidil a trí briseann Sharon amach ón scoil agus téann sí chuig scoil na
mbuachaillí chun bualadh le Jimmy. Fuair sí téacsteachtaireacht uaidh an oíche roimhe sin agus
thug sé cuireadh di bualadh leis taobh thiar de Mheánscoil na mBráithe na Críostaí- an scoil ina
bhfuil a hathair ag múineadh. Ta sí iontach dána mar bhriseann sí rialacha na scoile- gan tiontú
suas don rang. Sa bhreis ar sin insíonn sí bréaga dá deirfiúr Éile. Téann sí go dtí an seid ag bun
páirc na scoile mar bhí coinne aici le Jimmy cé go raibh sí ag dul amach le Jack De Gras as ag
am!

Tréith 2: Dílis:
Sampla ón úrscéal: I gcaibidil a cúig bheartaigh Sharon an t-eolas faoina hathair a choimeád faoi
rún mar sin taispeántar gur duine dílis í. Déanann sí é seo mar níl sí ag iarraidh a theaghlach a
bhriseadh suas.

(b) Críoch difriúil don scannán.


Baineann na tuismitheoirí an Ghaeltacht amach. Feiceann siad Sharon agus Micheál Ó Laoire sa
charr ag ól agus iad ar a mbealach chuig an gcoláiste. Buaileann fearg an t-athair agus léimeann
sé amach as an gcarr. Tugann an t-áthair íde béil don bheirt acu. Tugann sé cúpla sonc do
Mhicheál. Ansin míníonn Timmy do Sharon go bhfuil brón an domhain air mar go bhfaca sí é leis
an máistreas scoile agus tuigeann sé gur sin ba chúis le drochiompar Sharon. Tosaíonn sé ag
caoineadh. Tuigeann sé go bhfuil an teaghlach briste aige. Gabhann sé a leithscéal óna chroí le
Mairéad agus Sharon. Cuireann Mairéad a hiníon isteach sa charr agus cuireann sí an t-inneall ar
siúl agus as go brách léi sa char,r gan Timmy mar níl sí ag iarraidh maithiúnas a thabhairt dó. Ag
an deireadh tá an t-athair agus Micheál ar thaobh an bhóthair le chéile. Brón agus náire an
domhain ar Timmy as an trioblóid agus an briseadh crói a tharraing sé ar a chlann. Tá Micheál in
ísle brí go bhfuil Sharon ag dul abhaile agus tá sé soiléir dó anois go raibh sí ag baint úsáide as
mar go raibh carr galánta aige. Caitheann sé na heochracha cairr isteach sa loch/ san abhainn ar
thaobh an bhóthair. Ta ceacht géar foghlamtha acu “Filleann an feall ar an bhfeallaire”.
Críoch eile: Téann Éile agus Sharon go dtí an Ghaeltacht. Tá troid ollmhór
eatarthu ar an gcéad lá. Tosaíonn Sharon ag smaoineamh faoi éalú ón nGaeltacht
agus a cara Micheál a fheiceáil leis an gcarr. Go tobann, ritheann rud éigin ina
hintinn agus tosaíonn Sharon ag smaoineamh ar an trioblóid a chruthaigh sí dá
teaghlach. An lá dár gcionn, buaileann sí le hÉile agus labhraíonn siad le chéile.
In ionad buile a thabhairt dí agus í a mhaslú, tugann sí barróg (hug) ollmhór dá
deirfiúr.Tá ionadh an domhain ar Éile ar dtús ach réitíonn siad a gcuid
fadhbanna ina dhiaidh sin. Déanann siad spórt le chéile agus baineann siad
taitneamh as saol na Gaeltachta. Foghlamaíonn Sharon a ceacht agus admhaíonn
sí nach raibh sí cothrom lena deirfiúr roimhe sin. Tá rudaí idir an cúpla ag éirí
níos fearr agus tá a gcaidreamh níos sláintiúla.

Críoch eile: Lá deireanach na Gaeltachta, bailíonn a dtuismitheoirí iad. Lá breá


brothallach atá ann. Fad is atá siad sa charr, tá cómhrá dáiríre idir an teaghlach
agus beartaíonn siad go mbeidís ionraic le chéile amach anseo. Tá gach rud níos
dearfaí anois. Sroicheann siad an baile agus léimeann siad amach as an gcarr.
Tosaíonn siad ag stánadh ar a chéile ag ag baint taitnimh as an difríocht mhór
atá tar éis tarlú dóibh. Beartaíonn Timmy agus Mairéad ar iarracht mhór a
dhéanamh ar a bpósadh.

Tagann siad le chéile agus in ionad bás agus tragóid feicimid, mar léitheoirí, an
chlann ar fad bailithe le chéile agus ag baint taitnimh as an tréimhse atá acu le
chéile. In ionad deireadh tobann agus cruálach, tá deireadh níos fearr agus níos
áthasaí ann.

Ceapaim go mbeadh an críoch sin níos óiriúnaí d’aon scannán.

Carachtar a bhfuil trua / bá agat dó/ di (PS Sampla A Ceist 8 (B)


Mairéad: Tá trua agam di mar is máthair agus bean chéile mhaith í ach tá a lán
fadhbanna aici. Níl caidreamh maith aici lena fear céile Timmy agus bhí trua
agam di nuair a d'inis sé di go raibh sé ag dul amach le bean eile. Anuas ar sin
chaill sí a cos agus Timmy sa timpiste bóthair.
*Tá sí croíbhriste
*chaith a fear céile go dona léi
*Tá a hiníon as smacht agus ag scriosadh an teaghlaigh
*carachtar truamhéileach & tragóideach.
Sharon: Tá trua agam di. Chonaic sí a daid ag pógadh mná eile agus baineadh
preab uafásach aisti da bharr-choiméad sí an t-eolas faoi cheilt mar níor mhaith
léi a clann a scriosadh! Tá trua agam di mar tá a lán fadhbanna aici mar shampla
bhí sí faoi bhrú mar bhí Éile foirfe agus bhí Sharon trioblóideach.
*Bhí sí gortaithe go dona tar éis an timpiste- gan a bheith ábalta labhairt nó
bogadh.
*Ba charachtar truamhéileach & tragóideach í ag an gcríoch.

You might also like