Professional Documents
Culture Documents
Topaic 4 An Teach
Topaic 4 An Teach
tithe)
1.1 Seomraí an tí agus foclóir eile/(rooms of the house and other vocabulary)
seomra, pl. seomraí (room)
cistin, f (kitchen) seomra folctha (bathroom)
seomra suí/suite (living room) leithreas (toilet)
seomra codlata (bedroom) teach dhá stór (two-storey house)
seomra leapa (bedroom) teach ceann tuí (thatched house)
íoslach (cellar) árasán, gen, pl. árasáin (flat)
halla (hall) thuas staighre (upstairs)
seomra bia (dining room) thíos staighre (downstairs)
1.3.1 Notes:
- basic numerals are used except for dhá and ceithre
- the number aon (causes séimhiú) is used only for emphasis, more important is the
adjective amháin (only), which is placed after the noun. Aon, however, must be used
with higher numbers as in aon chathaoir dhéag or aon chathaoir is fiche)
- the word ceann (meaning literally “head”) is used as a substitute word and behaves in
an irregular way. The answer to the question about the number of rooms may
therefore be ceithre sheomra (four rooms) or ceithre cinn (four)
1.4 Cad iad na seomraí atá ann? (What rooms are there?)
Tá cistin ann, dhá sheomra codlata agus seomra suí.
1
(na – plural form of the definite article an)
2.1 Troscán/furniture
tábla/bord (table) teilifíseán (TV set)
cathaoir, f, pl. cathaoireacha (chair) cófra, almóir, vardrús (cupboard/wardrobe)
tolg (sofa) sorn (stove)
cuisneoir (refrigerator) fuinneog, f (window)
leaba, f, gen. leapa, pl. leapacha (bed) doras (door)
báisín (washbasin) cithfholcadán (shower)
doirteal (sink) folcadán (bathtub)
2.3 Sa: combination of the preposition i and the article an, causes séimhiú except for
t,d,s, changes into san in front of vowels. With s, it behaves like the definite article – t is
inserted in front of feminine nouns.
2.3.2. Cleachtadh
Cad atá sa chistin? Tá bord ann, sé chathaoir agus cuisneoir.
2.3.3 Cleachtadh
Cá bhfuil an sorn? Sa chistin. (Where is the stove? In the kitchen.)
Cá bhfuil an teilifíseán? Sa seomra suí nó sa seomra codlata, b’fhéidir (maybe).
2
3.2 Cad é an cíos sa mhí? (What is the monthly rent? cíos=rent, mí=month)
numerals céad (hundred) a míle (thousand) follow the rules for counting things:
200 dhá chéad, 400 ceithre chéad, 700 seacht gcéad, 1800 míle ocht gcéad, 3300 trí
mhíle trí chéad...
currencies: euro, coróin, punt
4.1 An maith leat an áit/an t-árasán? (Do you like the place/the flat?)
Is maith. Tá sé ciúin/deas/glan. (Yes. It’s quiet/nice/clean.)
Ta sé ceart go leor.
Ní maith. Tá sé salach/glórach. (It’s dirty/noisy.) Ní réitím go maith leis na daoine eile.
(I don’t get on well with the other people.)
4.1.1 Notes:
Is maith liom/leat/leis… caife. I like/you like/he likes coffee.
Ní maith léi tae. She doesn’t like tea.
An maith libh uisce beatha? Do you (pl.) like whiskey?
For yes/no it is necessary to use Is maith.,/Ní maith.
Réitím le – present simple form of the phrasal verb réitigh le (get on with).
Tá sé ansin ar chlé/ar dheis. (It’s over there on the left/on the right.)
Tá sé (ansin) an chéad doras ar dheis.
Tá sé (ansin) an dara doras ar chlé.
Tá sé thuas staighre an tríú doras ar dheis. (an chéad=the first, an dara=the second, an
tríú=the third)
Tá sé díreach ansin. (It’s straight over there.)
3
Cluastuiscint
Síle
1. Tá sí ag roinnt árasáin le beirt eile.
2. Tá trí sheomra codlata ann.
3. Tá cistin, seomra folctha agus seomra bia ann.
4. Tá an cíos daor.
5. Is maith léi é.
4
Ríomhphost ó Shorcha: Líon isteach na bearnaí agus aistrigh go Béarla
A Róisín, a chara
Go raibh maith agat as do ríomhphost. Tá súil agam go bhfuil tú go (1) .............. .
Tá mé féin an-ghnóthach faoi láthair. Mar atá a fhios agat, tá (2) .................. nua agam,
agus tá mé i mo chónaí i gceantar nua. Is (3) ................... beag é ach tá (4) ...................
maithe ann. Tá sé cois (5) ................... agus is breá liom an fharraige! Tá bialann dheas
(6) ................... ann agus dhá (7) ................... tábhairne agus pictiúrlann bheag.
Tá mé ag roinnt tí le (8) ................... eile, Ben agus Síle. Is as (9) ................... Ben agus is
as Gaillimh Síle. Tá an t-árasán an-deas. Tá trí sheomra codlata ann, cistin, seomra
folctha agus seomra suí. Níl seomra (10) ................... ann ach is cuma. Tá sé
(11) ................... agus glan agus réitím go maith le Ben agus le Síle. Fosta, níl an
(12) ................... ródhaor. Tá an t-ádh orm!.
Tá súil agam go dtiocfaidh tú ar cuairt. Cuirfidh mé glaoch ort gan mhoill.
Slán go fóill,
Sorcha.
Na focail/the words:
árasán baile maith áiseanna farraige theach beirt bia Iodálach ciúin cíos Corcaigh
04_03_d.mp3
Bileog 4.3 (D): Cé mhéad seomra atá acu?
Is mise Máire Ní Cheallaigh. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá trí sheomra
codlata i mo theach. Tá seomra suí, cistin agus seomra bia ann chomh maith.
5
Téipscript
04_03_g.mp3
Bileog 4.3 (G): Caroline ar an bhfón
1. A Cén chuma atá ar an seomra suí?
B Tá sé cuíosach mór. Ta tolg agus dhá chathaoir ann agus tá teilifíseán ann chomh
maith.
2. A Cad é atá sa seomra codlata?
B Tá leaba agus cathaoir ann.
3. A An bhféadfá eolas a thabhairt dom faoin chistin le do thoil?
B Tá sorn nua ann agus cuisneoir beag.
4. A Agus inis dom faoin seomra bia?
B Sa seomra bia, tá tábla dar ndóigh agus sé chathaoir.
04_04_e.mp3
Bileog 4.4 (E): Ag roinnt tí
1. Mise Síle. Tá mé i mo chónaí i gCorcaigh. Tá mé ag roinnt árasáin le beirt eile – Caroline agus
Aoife.
2. Tomás is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i dteach dhá stór cois farraige le mo bhean
chéile agus mo mhac agus m’iníon.
3. Mise Pádraig. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá mé i mo chónaí i m’aonar in árasán
i lár na cathrach. ¨
4. Mise Michelle. Tá mé i mo chónaí i nDoire. Ta mé ag roinnt árasáin le mo pháirtí Joe le cúpla
bliain anois.
04_07_c.mp3
Téipscript 4.7 (C) Treoracha
Comhrá 1:
A: Gabh mo leithscéal, cá bhfuil an leithreas le do thoil?
B: Tá sé ansin – an tríú doras ar dheis.
Comhrá 2:
A: Cá bhfuil an chistin, le do thoil?
B: Tá sé díreach ansin – an dara doras ar chlé.
A: Go raibh maith agat.
Comhrá 3:
A: Cá bhfuil seomra Eoin le do thoil? (páiste óg).
B: Tá sé ansin a stór, an dara doras ar dheis.
Comhrá 4:
A: Gabh mo leithscéal, an bhfuil an leithreas thuas staighre?
B: Níl, tá sé ansin go díreach – an tríú doras ar chlé.
A: Á go raibh maith agat.
04_07_d.mp3
Bileog 4.7 (D) Fíor nó bréagach?
Gearóid is ainm dom. Ta mé i mo chónaí i nGaillimh. Tá mé ag roinnt tí le triúr eile. Tá ceithre
sheomra codlata sa teach. Tá cistin, seomra bia agus seomra suí ann chomh maith. Tá seomra
folctha thuas staighre agus leithreas thíos staighre. Níl an cíos ródhaor – míle euro sa mhí. Is breá
liom an teach. Tá sé ciúin agus réitím go maith leis na daoine eile.
Is mise Síle. Tá mé i mo chónaí in árasán. Tá mé i mo chónaí i m’aonar. Tá dhá sheomra codlata
san árasán - seomra dom féin agus seomra eile. Tá cistin, seomra suí agus seomra folctha ann
6
chomh maith. Is maith liom an t-árasán – tá sé glan agus breá ciúin ach tá an cíos daor – 600 euro
sa mhí.
Obair bhaile 4