Tá an chéad chuid den dráma suite i bportach le radharc tíre ar
shliabh agus ar loch. Téann grúpa déagóirí chuig an bportach chun péintéireacht a dhéanamh agus pictiúir a tharraingt den tírdhreach. Pádraig, Eilís, Éamonn Beag, Pádraigín, Seosamh agus Sinéad is ainm do na déagóirí. Tá radharc álainn ón áit ina bhfuil siad ar an bportach – radharc den sliabh agus den loch. Téann Seosamh agus Sinéad suas ar an ard sa chaoi go mbeidh radharc níos fearr den sliabh acu. Bíonn cara Shinéad, mar atá, Pádraig, ag magadh faoi Shinéad go bhfuil grá aici do Sheosamh. Imíonn Sinéad agus Seosamh as radharc agus leanann na déagóirí eile orthu ag péintéireacht agus ag sceitseáil. Tar éis tamaill, filleann Sinéad ar an ngrúpa. Deir sí go bhfuil rud éigin ‘gránna’ thuas san áit ina raibh sí. Deir sí gur chaith ‘amadán éigin’ bruscar ann. Téann an grúpa déagóirí go léir chuig bruach an locha. Feiceann siad málaí móra plaisteacha, cannaí stáin, buidéil agus seanleapacha in aice an locha. Feiceann siad tuilleadh málaí plaisteacha stróicthe sna sceacha. Bíonn na déagóirí trí chéile mar gheall ar an mbruscar mar ceapann siad go bhfuil sé ag milleadh áilleacht na háite. Braitheann Sinéad nach mór dóibh rud éigin a dhéanamh faoi. Socraíonn siad go bhfanfaidh siad i bhfolach san áit taobh thiar de sceacha chun fáil amach cé atá ag dumpáil an bhruscair san áit. Teastaíonn ó Shinéad agóid i gcoinne na dumpála a eagrú. Iarrann sí ar Sheosamh páirt a ghlacadh san agóid léi. Deir sé go mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh san agóid agus beireann sé greim ar lámh Shinéad. Feiceann na déagóirí beirt fhear ag iompar stuif óna veain go dtí áit ar chlé. Tá siad ag dumpáil carn de mhálaí plaisteacha, carn d’adhmad agus mar sin de. Aithníonn Sinéad na fir. Séamus Dubh agus Peadairín Thóin an Bhaile is ainm dóibh. Bíonn uafás ar Shinéad. Is polaiteoir é a Dhaid agus tacaíonn na fir le hathair Shinéad. Glacann Seosamh grianghraf faoi rún de na fir. Feiceann Sinéad é á dhéanamh seo. Cuireann Seosamh an ceamara ar an talamh taobh thiar den sceach. Críochnaíonn Séamus Dubh agus Peadairín a gcuid dumpála agus bíonn comhrá acu. Tá imní ar Pheadairín go mbéarfar orthu ag déanamh an dumpála agus luann sé go bhfuil fógra ann a deir go ngearrfar 800 euro ar éinne a dhéanann dumpáil san áit. Deir Séamus nach gá dóibh a bheith buartha faoi agus go bhfuil siad ag dumpáil san áit le fada an lá. Ní bheidh a fhios ag éinne gurb iadsan a bhíonn ag dumpáil bruscair ann, dar leis. Dá bhfaigheadh éinne amach gurb iadsan a bhíonn ag dumpáil bruscair ann, tá cairde tábhachtacha acu, mar atá, Seán Mac an Mháistir, an Teachta Dála. Bíonn uafás ar Shinéad nuair a chloiseann sí an méid sin mar tá siad ag caint faoina Daid. Cuireann Seosamh a lámh timpeall ar ghualainn Shinéad agus tugann sé sólás di. Deir sé nach bhfuil aon rud mícheart déanta ag a hathair agus gan a bheith buartha faoi. Dar leis nach bhfuil ann ach bladar ón mbeirt fhear. Admhaíonn Sinéad do Sheosamh go bhfuil imní uirthi nach seasfaidh na déagóirí eile leo mar is uncail le hÉamonn Beag é Séamus Dubh. Tagann na déagóirí eile amach as na háiteanna ina raibh siad i bhfolach. Teastaíonn ó fhormhór na ndéagóirí an dlí a chur ar Shéamus Dubh agus Peadairín agus teastaíonn ó Shinéad an agóid a eagrú i gcoinne na dumpála in aice leis an loch. Tá Éamonn beag, (nia le Séamus Dubh) buartha, áfach. Deir sé nach mbíonn sé ciallmhar sceitheadh ar chomharsana. Imíonn Éamonn Beag ina aonar. Ansin imíonn na déagóirí eile go ciúin ón stáitse. Radharc a 2
Suíomh:
Tá radharc a 2 suite in oifigí na comhairle contae.
Suíonn Tadhg Ó Cuill, oifigeach sa chomhairle, ag an mbord ina oifig i bhfoirgneamh na comhairle contae. Tá agóid i gcoinne na dumpála ar siúl lasmuigh den fhoirgneamh. Cloistear na guthanna ag screadach istigh san oifig. Is é an agóid a d’eagraigh Sinéad agus an grúpa déagóirí i gcoinne na dumpála atá ar siúl lasmuigh d’oifigí na comhairle contae. Féachann Tadhg an fhuinneog amach agus feiceann sé Sinéad sa slua. Ligeann sé trí chnead bheaga amach agus cuireann sé lámh lena smig go machnamhach. Tagann an Teachta Dála Seán Mac an Mháistir isteach san oifig. Tá sé trí chéile agus ar buile. Tá sé ag baint stuif buí dá aghaidh. Deir sé le Tadhg go bhfuil sé ar buile leis na daoine óga atá ag glacadh páirte san agóid. Deir sé gur cheart ‘an daoscarshlua’ a chaitheamh isteach sa phriosún. Cáineann sé tuismitheoirí na ndaoine óga ag rá go bhfuil easpa smachta ag a dtuismitheoirí orthu. Deir Tadhg nach féidir leis aon rud a dhéanamh faoin agóid. Míníonn sé do Sheán go bhfuil na daoine óga ag éileamh go gcuirfí an dlí ar dhaoine atá ag dumpáil go mídleathach in aice an locha. Luann Tadhg le miongháire rúnda go bhfaca sé Sinéad (iníon le Seán Mac an Mháistir) sa slua. Baintear geit as Seán ach deir sé gur dóigh leis go raibh Sinéad ag dul thar bráid. Míníonn Seán an fáth ar tháinig sé chun Tadhg a fheiceáil. Míníonn sé go bhfuil a sheanchairde Séamus Dubh agus Peadairín Thóin an Bhaile le bheith os comhair na cúirte. Teastaíonn ó Sheán go gcuirfidh an comhairle contae an cás cúirte siar. Deir sé go bhfuil fianaise bhréige á cur ina gcoinne. Cuireann sé clúdach donn ar bhord Thaidhg. Deir Tadhg nach mór don chás dul ar aghaidh ach go luafar pointí áirithe i bhfabhar na beirte agus go ndéanfaidh siad iarracht finné ina bhfabhar a aimsiú. Is iad na daoine óga atá ag déanamh agóide i gcoinne na dumpála atá ag cur an dlí ar Shéamus Dubh agus ar Pheadairín. Deir Seán go bhfuil sé cinnte go ndéanfaidh Tadhg ‘an rud ceart’ mar a rinne sé riamh. Caimiléireacht atá i gceist anseo. Radharc a 3
Suíomh:
Tá radharc a 3 suite i seomra cúirte. Feictear Séamus Dubh,
Peadairín Thóin an Bhaile agus a ndlíodóir ar chlé. Mac Uí Dhroma is ainm dá ndlíodóir.
Feictear Mac Uí Ghríofa, dlíodóir na ndaoine óga ar chlé.
Níl Seosamh ann. Tá Pádraig, Eilís agus Pádraigín níos faide ar
chlé agus níl Éamonn Beag le feiceáil. Tá Cléireach na Cúirte ina shuí. Tá Sinéad ag caint le dlíodóir na ndaoine óga. Tá sí buartha nach bhfuil Seosamh tagtha go fóill. Cuireann sí ceist ar Phádraig agus deireann sé go ndúirt Seosamh rud éigin faoina cheamara leis. Ansin cuimhníonn Sinéad gur fhág Seosamh a cheamara ar an bportach. Tosaíonn an cás cúirte. Míníonn Mac Uí Ghríofa, dlíodóir na ndaoine óga, don bhreitheamh go bhfuil na daoine óga ag iarraidh an dlí a chur ar Shéamus Dubh agus ar Pheadairín toisc go raibh siad ag dumpáil bruscair sa ghleann álainn agus go bhfaca grúpa daoine óga iad. Fiafraíonn an breitheamh den dlíodóir an bhfuil na daoine óga go léir ón ngrúpa i láthair. Míníonn an dlíodóir dó go bhfuil ceathrar den seisear i láthair. Míníonn Mac Uí Ghríofa don bhreitheamh go raibh an grúpa déagóirí ag péintéireacht ar an bportach ar an 20ú lá den mhí. Chonaic siad Séamus Dubh agus Peadairín ag dumpáil bruscair go mídhleathach. Fiafraíonn an breitheamh den dlíodóir an aontaíonn an seisear daoine óga go bhfaca siad an bheirt fhear atá cúisithe as dumpáil bruscair. Deir Mac Uí Ghríofa go n-aontaíonn an ceathrar atá sa seomra cúirte. Ansin fiafraíonn Mac Uí Dhroma (dlíodóir le Séamus Dubh agus Peadairín) de Mhac Uí Ghríofa an fáth nach bhfuil an seisear go léir i láthair sa seomra cúirte. Míníonn dlíodóir na ndaoine óga go bhfuil Seosamh Mac Domhnaill ag cuardach fianaise thábhachtach don chás agus go bhfuil siad ag súil leis an séú duine nóiméad ar bith. Deir Mac Uí Dhroma gur féidir leis cabhrú leo an séú duine a aimsiú. Glaonn Mac Uí Dhroma ar an séú duine ón ngrúpa de dhaoine óga ansin, mar atá, Éamonn Beag Ó Murchú. Deir Éamonn Beag le Mac Uí Dhroma nach bhfuil sé cinnte gurbh iad Séamus Dubh agus Peadairín a bhí ag dumpáil bruscair an lá a bhí sé féin agus an grúpa déagóirí ag péintéireacht ar an bportach. Deir sé go raibh sceach ann agus nach cuimhin leis na mionsonraí ach nach raibh se ábalta na fir a bhí ag dumpáil a fheiceáil i gceart. Molann Mac Uí Dhroma don bhreitheamh gan an bheirt fhear a chúiseamh ar an mbonn sin gan fianaise níos cinnte. Iarrann dlíodóir na ndaoine óga ar an mbreitheamh sos cúig nóiméad a thabhairt dóibh. Bíonn fearg ar Phádraig go raibh Éamonn Beag ag ‘cliseadh’ orthu. Tuigeann Eilís cás Éamoinn mar tá sé gaolta le Séamus Dubh. Míníonn Sinéad don ghrúpa go bhfuil Seosamh tar éis dul ar ais chuig an bportach chun a cheamara a aimsiú agus gur ghlac Seosamh cúpla grianghraf den bheirt fhear ag dumpáil an bhruscair an lá sin. Filleann an breitheamh ar an seomra cúirte. Ritheann Seosamh isteach sa seomra cúirte. Míníonn Mac Uí Ghríofa go gcreideann siad go bhfuil fianaise thábhachtach ag Seosamh a chabhróidh lena gcás. Tá Seosamh lag ach síneann sé cúpla grianghraf chuig dlíodóir na ndaoine óga. Taispeánann Mac Uí Ghríofa na grianghraif don bhreitheamh agus iarrann an breitheamh ar Mhac Uí Dhroma teacht chuige chun féachaint ar na grianghraif. Baintear geit uafásach as Mac Uí Dhroma. Feiceann sé an bheirt fhear ag dumpáil an bhruscair sna grianghraif, is dócha. Míníonn sé an scéal go ciúin do Shéamus Dubh agus Peadairín. Tar éis an chomhrá sin, deir Mac Uí Dhroma go bhfuil siad ag tarraingt a gcáis siar agus ag admháil go bhfuil siad ciontach. Gearrann an breitheamh fíneáil ocht gcéad euro orthu. Imíonn an bheirt fhear as an gcúirt agus tagann bualadh bos mór ó na daoine óga. Ardaíonn siad a gcuid bratach agus ligeann siad liú buach astu. Féachann Sinéad siar agus feiceann sé Éamonn Beag ina sheasamh leis féin agus cuma an-uaigneach air. Bíonn trua aici dó agus tugann sí comhartha dó teacht leo. Ritheann sé chucu le háthas. Canann na daoine óga amhrán buach agus iad ag dul amach doras na cúirte lena mbratacha ar crochadh. Canann siad go bhfuil deireadh le dumpáil agus go bhfuil cosc ar thruailliú. Dráma: Gleann Álainn